Féile Siúlóidí na Gaillimhe.

Féile  Siúlóidí na Gaillimhe.

9ú go dtí  25ú Iúil 2021

Tá an Féile seo á eagrú tré co-oibriú idir Comhairle Chondae na Gaillimhe agus Cumann  Treoraíthe Turasóireachta  na Gaillimhe.

Seo an céad féile dhá leithead agus tá muid ag tnú go mór leis.

Beidh 16 Treoraithe Turasóireachta ag déanamh cur síos ar an nádúir, ar  eachtraí agus imeachtaí stairiúla in áiteacha cosúil le Páirc Coole, Cathair na Gaillimhe, agus An Páirc Geo ag na Lochanna san Iarthair.

Bhain na Treoraithe Turasoireachta atá i mbun an fhéile speisialta seo  cáilíochtaí amach faoi chomirce Fáilte Éireann agus Bord Turasóireachta na hÉireann.

I measc an Grúpa tá staraithe, scríobhnóirí, feilméirí, seandálaithe, scéalaithe, filí agus beidh áthas orthu a gcuid eolais a roinnt ar an phobal i rith an fhéile

Tá gach eolas le fail ar www.galwaywalkingfestival.ie

Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tionól.   Áras Alice Perry.     

Beidh deis am a chaitheamh agus eolais a fháil ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bunaíodh in 1847. Beidh cur síos ar na daoine cáiliúla a d’fhreastail ar an Ollscoil, daoine cosúil le Michael O’Shaughnessy agus Martin Sheen agus Uachtarán na hÉireann Micheál D O’Higín.  Chomh maith le sin beidh cur síos ar fhás agus forbairt  na hOllscoile thar na blianta.

Páirc Coole. Críonnacht na Coillte. 

Beidh deis am a chaitheamh i Páirc Coole i nGort Inse Ghuaire  le treoraí Andrea agus scéalta a chloisteál faoí Críonnacht na Coillte, an ceangal atá idir iad agus crainnte ársa Ceilteacha na hÉireann chomh maith le scríobhnoireacht Ogham.Beidh cur sios ar Scéalta Sí Grimm, chomh maith le  finscéalta na hÉireann. Deir Andrea gur scéalta iad seo a chothaíonn nasc idir daoine, an nádúir, an talamh agus an cré.

Tionól.     Ionad Cuairteoirí, Páirc Coole.

 

 Kathleen Reid .   Scéal na Gaillimhe

 Déanfaidh Siúlóid Cathair na Gaillimhe cur síos ar Cathar na dTreabh ó bunaíodh é agus mar a d’fhás sé tríd na meánaoise. Labhróidh an treoraí faoi conas mar a d’íbríodh na Gael nuair a ghlac na Normánaigh seilbh ar an gCathair.  Beidh go leor de sean fhoirgnimh, sean sráideanna agus iarsmai ó na mean aoiseanna le feiceál.

Tionól Cearnóg Eyre.

 

William Murray.   Litríocht agus Scannáin na Gaillimhe

Turas Cathair na Gaillimhe tríd Litríocht agus Scannáin. Déanfaidh an fíle Billy Murray cur síos ar daoine cáiliúla cosúil le Padraig O Connaire, Oscar Wilde. Beidh scéalta faoi Pictiúrlann an Savoy, Halla Cathrach na Gaillimhe, Taibhdhearc na Gaillimhe, An Druid. Conas mar a fuair Cathair na Gaillimhe an teideal UNESCO ó thaobh scannain agus cruthaíocht?

Tionól. Cearnóg Eyre.

 

Patrizia Interlandi.     An Iodáil agus Gaillimh  

Tá cónaí ar Patrizia i nGaillimh le blianta. Déanfaidh sí cur síos ar an ceangal atá idir Éireann agus An Iodáil. Tá  scéalta aicí a bhaineann le daoine cáiliúla a thainig agus a d’imigh ón dhá thir.

Cá bhfuil croí Daniel O’Connell, nó an bhfuil an fhreagra ag Patrizia?

 

 Derek Spillane.          Gaillimh le Faireoir Oiche .

 Tabhair cuairt ar Gaillimh faoi solas na hoiche agus seachain na taibhse.

 

Karen O’Leary.      Cuairt ar Coillte Bhearna

Tá go leor poinnte suimiúla le feiceál sa coill ársa seo. Tá crainnte atá ós cionn dhá chéad bliain le feiceál chomh maith le Tobar Beannaithe Naomh Énna agus alán eile.

Tionól   Carrclós Loch Rusheen.

 

Gabi Campbell. Cathair na dTreabh.

 

Paul Byrne. Bealaighuisce na Gaillimhe.

Déanfaidh Paul cur síos ar stair na bealaigh uisce, cé thóg iad agus cé a bhain úsáid astú.

Ciarán Oliver

Má tá suim agat i gcúrsaí bádóireachta beidh suim agat sa mhéid atá le rá ag Ciarán, Bí leis.

Tuilleadh eolas  www.galwaywalkingfestival.ie

 

James Walsh  Filíocht na Gaillimhe.

Beidh James i Páirc Coole. Déanfaidh sé cur síos ar an athbheochain léann agus an tionchar a bhí ag Lady Augusta Gregory air. Labhróidh James faoin crann autograph agus alán eile.

Tionól Ionad Cuairteoirí Coole.

 

Coillte Páirc Merlin.

Is fiú go mór an turas seo a dhéanamh ma tá suim agat san nádúir nó i gcúrsaí  i stair na háite.

Liam Silke.     Gaillimh na Meánaoise.

Cá bhfuil sean ballai na Gaillimhe nó Tí Nóra Barnacle nó Caisleán Uí Loinsigh.

Beidh na scéalta sin agus alán eile ag Liam.

Tionól Oifig Fáilte

 

Bainigí taithneamh as.

Scroll to Top